Laghdú aon trian ar tháille athscrúdaithe curtha i bhfeidhm ag Ollscoil na Gaillimhe

Wednesday, 24 April 2024

Ollscoil na Gaillimhe

Tá laghdú fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe ar an táille atá le híoc chun scrúdú a dhéanamh an athuair.

Tá Comhaltas na Mac Léinn san Ollscoil agus Déan na Mac Léinn, an tOllamh Ciara Meehan, tar éis dul i gcomhar le chéile agus tá glactha leis an moladh a rinne siad aon trian den chostas a bhaineann le scrúdú a dhéanamh an athuair a bhaint, rud a fhágfaidh go n-ísleofar an costas ó €295 go €195.

Beidh feidhm ag an ráta níos ísle do mhic léinn a bhfuil scrúduithe á ndéanamh an athuair acu i samhradh 2024. Ráta amháin a bheidh i gceist, agus ní dhéanfaidh líon na scrúduithe atá le hathshuí ag an mac léinn difear. Tá scéim tarscaoilte ar leith i bhfeidhm dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu.

Dúirt Déan na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciara Meehan: "Rinneadh an cinneadh an táille athscrúdaithe a laghdú tar éis do Chomhaltas na Mac Léinn agus an Ollscoil dul i gcomhar le chéile.  Tuigimid nach beag iad na costais a bhaineann le hoideachas, agus an brú atá ar dhaoine óga i láthair na huaire i ngeall ar an gcostas maireachtála. Is mian le gach duine a bhfuil baint acu leis an oideachas go mbainfidh ár gcuid mac léinn barr feabhais amach agus bíodh is nach bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh ar aon mhac léinn a scrúduithe a dhéanamh an athuair, tá a fhios againn chomh maith go mbeidh tionchar dearfach ag an laghdú táille seo."

Bhí an méid seo le rá ag Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Dean Kenny: "Tá an-áthas orainn go bhfuil an cinneadh seo déanta, arb é an toradh é ar na hiarrachtaí atá déanta ag feidhmeannais éagsúla Chomhaltas na Mac Léinn le tamall anuas. Tá an táille athscrúdaithe ina cnámh spairne dár gcuid mac léinn le fada an lá, go mór mór le linn na paindéime Covid-19, agus bíodh is nach réitíonn an laghdú €100 seo an scéal ina iomlán, cúnamh a bheidh ann do go leor mic léinn i mbliana, agus sa todhchaí. Tugaim moladh faoi leith do bhainistíocht na hOllscoile agus do Dhéan na Mac Léinn as oibriú linn ar an gceist seo, agus do na mic léinn trí chéile as a dtuairimí a chur in iúl dúinn go leanúnach. Tacóidh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe i gcónaí le deireadh a chur leis an táille seo, agus is faoi fheidhmeannas nua Chomhaltas na Mac Léinn anois é leanúint leis an mbrú ar bhainistíocht na hOllscoile agus a chinntiú go dtabharfar tús áite do laghduithe eile a bhaint amach."

Críoch

Keywords: Press.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back


Featured Stories